School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 187
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Sgoileanna scairte" a tugudh ar an sgoileanna a bhí annseo fadó. Bhí ceann aca i nGort agus ceann eile i nGríanan. I sgioból a bhí an sgoil ar siubhal. Níl fios agam cé hé an duine a bhí ag muineadh na bpáiste. Stroínseir dobead an múinteóir.
    Muintí damhsadh agus ceachta dos na paístibh ins na sgoileanna sin. I nGaedilg a muíntí na rudai sin.
    Bhíodh labhair ag na paiste fado. Acht ar shlinne a sgriobaidís gach aon rud. Ní bhíodh aon cailc aca agus is le píosa de sean phíosa chré a sgriobadh na paístí aon rud ar na slinnte. Ar lic mhóir a bhiod in-a-seasamh ar thaob an bhalla a sgriobhadh an muínteoír ceann líne no aon rud eile a bhí le sgriobhad aige. Ní bhiodh aon suidheacan no binnse ins na sgoileanna sin le hagaid na bpaísti. Ar an talamh a shuidhidhís act bhí cathaoir amhain ann le haghaidh na muínteóra.
    Na sgolaire a bhí ag dul go dti an sgoil sin niorbh feidir leo aon béarla a labhairt ach beagan beag ar a tugtar "Beárla Briste". Bhíodar in ann Gaedhilg a labairt go binn blasta. Bhíodar in ann damhsaí Ghaelac a damhsadh agus bhí amraineact Gaedilg aca freisin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Mártan Mac Cuimilín
    Gender
    Male
    Address
    Gort, Co. Mayo