School: Koilmore (roll number 14115)
- Location:
- Cuilmore, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin, bhi Fear ag Garrdha Éamuinn i m-Béal Átha h-Amhnais ar an aonach, lá Fheíle Phádhraic. D'ól sé a lán uisge beatha agus leinne duibhe an Feadh an laé.
D'Fhág sé an baile-mhor agus ghluaise sé go mall go dtí go d-táinig sé go Bricíní. Shiudh sé síos ar chlaidhe, agus thuit sé i n-a chodhladh. Duisigheadh é. D'iarr sé ar na daoinibh a dhuisigh é, céard a bhi ag teastáil uaithe. Dubhairt siad go n-inniscóchadh sead dho an rud a bhi ag teastáil uaithe. Iomchuradh 'san aér é go bárr Sliab Chairn. Chonnaic sé daoine annsin nach raibh fhios aige ortha. D'innis siad dhó go raibh air bean a éalúghadh, a bhi pósta an lá sin, agus sean-bhean a chur i n-a áit, a gheobhadh bás i dá lá. Ní raibh Fhios aige cén caoi a gheobhadh sé an bean, acht d'innis siad an rún dhó. Dheunfadh siad duine do-Fheicte dhe. Bhí air dhul go dtí an teach i n-a raibh an pósadh ar siubhal. Dá m-beadh sé i-n-ann sraoi a bhaint as an brídeach trí h-uaire, bhí sí Faoín smacht. Do sháith an Fear(continues on next page)- Informant
- Patrick Prendergast
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cuilmore, Co. Mayo