School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 299
- XML “Na Féilte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buidéal uisge beatha ar an mbealach, agus cuirtear ar an mbord é. Tosuigheann siad ar an margadh annsin. Bíonn siad ag cainnt agus ag déanamh cleamhnais ar feadh tamaill maith. Moltar an cailín óg agus an spré atá aici. Moltar an fear óg freisin agus an teach mór áluinn, gan a bheith ag cainnt ar airgead san mbannc.Socruigheann said an margadh tar éis diospóireachta fada. Óltar deoch mar sláinte do na daoinibh óga. Tosuigheann siad ag ól tae ina dhiaidh sin. Annsin téighean siad abhaile go sona sásta ag fanamhaint lélé na bainfeise.
MÁIRT na hINIDESin é an lá deireannach chun pósta roimh an gCarghaos agus i mBaile-an-Róba bíonn na buachaillí óga ag craitheadh salainn ar na cailíní óga ion-phósta chun iad do choinneál slán go dtí an Cháisg. Bíonn féásta in gach teach an oidhche sin. Bíonn pancóga ins gach teach. Bíonn na daoine ag tabhairt slán le sodhluistí go deireadh an Charghaois.
OIDHCHE LAE 'le BHRÍGHDEAn chéad lá de Feabhra agus an chéad lá de'n Earrach sin é Lá Fhéile Bríghde.San am fadhó do bhíodh féasta in gach teach an oidhche sin. Do dhéanaidhís sórt dráma bhig in onóir do Naomh Brígid. Tógtaí duine mar Bríghid. Chuireadh " Bríghid " clocha uirthí agus théigheadh sí amach as an seomra. Thógadh sí beart luachra faoi na hascail. Bhuaileah sí ar an doras agus deireadh sí " Téighigidh ar bhur nglúnaih agus abraigidh(continues on next page)- Collector
- Treasa de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Ballinchalla, Co. Mayo
- Informant
- Bríghid Bean Mhic an Bháird
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Killimor, Co. Mayo