School: Loch Measca
- Location:
- Caherrobert, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean an Bhrúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Measca
- XML Page 310
- XML “Ainmneacha Áiteann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)beagnach. Bíonn go leor gabhar ar féarach ann.
Cillímor.
Cill a bhí ag Naomh Ímor annseo san am fadó. Deirtear go bhfuil clocha na cille le feicsint fós, acht is mór an truagh go bhfuil siad sgaipthe annseo agus annsúd.
Catahir-na-guil-chumha.
Nuair do fuair Eochaid (Rí ar na Fearaibh Bolg) bás i Máigh Tuireadh in aice Cunga cuireadh é i gCarn agus thógadar carn mór de chlochaib ós a gcionn. Cualathas caoineadh na mban ó Cathair-na-guil=chumha chomh fada le Cunga.
Bun-an-dobhair.
Áit bhog ar bhruach na habhann is eadh é. Deirtear go mbíodh dobhar con le feiceal ann suim blianta ó shoin.
Cunga.
Glaodhtar é seo mar geall ar an bpíosa talmhan an-chaol atá idir Loch Measca agus Loch Coirib. Cunga Feichín a tugtar ar an mbaile freisin mar bhí Naomh Feichín ina chomhnuidhe san mainistir Cunga san am fadó.
Crois Cunga.
Muinntir Ó Duthaigh as Roscomáin a chuir an Crois sa gCunga. Deirtear gurabh é Turloch Ó Conchubhair Rí Éireann a rinne an chrois ar dtús.- Collector
- Áine de Brún
- Gender
- Female
- Address
- Inishmaine, Co. Mayo
- Informant
- Máirtín Ó Brannagáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Loughmask Castle, Co. Mayo