School: Gort Sceithe (roll number 13062)

Location:
Gortskehy, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Ó Cléirigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0105, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Sceithe
  2. XML Page 172
  3. XML “Cailín an Luaithrigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair fuair an cailín imthighthe í phreab sí in a seasamh agus d'fhéách sí ar dhoras an tseomra ar a cúl. D'fhan sí tamall ag féachaint ar an doras sar ar dhruid sí anonn chuige. Annsin rug sí greim ar an gcnap, chas sí é agus shiubhail sí isteach. "Óra, óra," ar sise. Níor fhéad sí coinneál amach uaidh.
    Líon sí a pócaí agus tháínig sí amach arís. Bhí sí in a suidhe go ciúin soineanndacht ar an gcathaoir nuair tháínig a máighistreas ar ais. Shiubhal an máíghistreas suas in aice leis an gcailín. Chuir sí a lámh isteach in a póca. Thóg sí an t-ór amach agus chuir sí ar ais arís sa seomra é. Annsin tháínig sí amach agus sheas go dána feargach ós comhair an chailín.
    Ní dhearna sí tada acht polltóg dá bois a thabhairt dí, agus lorg a cúig méar a fágháil ar a giall. Nuair a bhí an méad sin fáíghte ag an gcailín d'imthigh sí amach agus thug sí an bothar abhaile uirri féin.
    Nuair tháínig sí abhaile agus nuair chonnaic an dara cailín an bail a bhí uirri thosuigh sí ag gáiridhe fúithe agus dubhairt sí gur mhaith léithe féin a dhul ag cuardach a fortúin.
    Níor chuir an mháthair i n-aghaidh an chailín seo ach oiread. D'fhiafruigh sí dhí cé aca b'fhearr léithe trí cístí móra agus a mallacht, nó trí cístí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cléirigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Annefield, Co. Mayo