School: Breac-chluain (B.) (roll number 13389)
- Location:
- Brackloon, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Casaide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-chluain (B.)
- XML Page 401
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí cleite 'na sheasamh ar a dhruim chaoi go n-aithneóch' a' t-athair é. Phioc an t-athair é agus dubhairt sé "Munab é sin mo mhac ní ghlaoidhfidh mé choidhche" - Thionntuigh an sean-ghabha ag an athair "Mo bheannacht leat-sa agus mo mhallacht bhéidh ar do mhúintí." Thug sé an mac abhaile leis. Nuair a bhí siad a' siubhal i gcuideachta rinne an mac capall dhó fhéin. Dubhairt sé leis an athair nach mbeit sé i bhfad go dtagadh an sean-ghabha rumpa "bhéarfaid sé airgead ar bith" adeir sé á iarrfas tú, "acht nuair a dhiolfas tú an capall ná díol an srian.Tháinig sé rompú mar duine uasal, acht nuair a dhíol sé an capall níor dhíol sé an srian. Nuair a bhí sé a' tabhairt a' chapaill abhaile d'ith sé agus bhuali sé an sean-ghabha. Rith sé abhaile ón sean-ghabha ag an athair. Nuair a tháinig sé go dtí an t-athair dubhairt sé "Ní bheidh sé i bhfad go dtagaidh sé suas linn arís. Déanfaidh mé cú dhíom féin an torann seo. Nuair a dhíolfas tú an chú ná díol an gad atá ar a mhuinéal. Tháinig an sean-ghabha roimhe aríst. Cheannuigh sé an chú acht ní bhfuair sé an sreangán. Nuair a thug sé an chú leis bhí sí a' baint greamannaí as agus leig sé abhaile ag an athair é. Dubhairt(continues on next page)
- Informant
- Patsaí Ó Ceallacháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Gabha
- Address
- Sonvolaun, Co. Mayo