Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)

Suíomh:
Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Casaide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 401

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0121, Leathanach 401

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-chluain (B.)
  2. XML Leathanach 401
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí cleite 'na sheasamh ar a dhruim chaoi go n-aithneóch' a' t-athair é. Phioc an t-athair é agus dubhairt sé "Munab é sin mo mhac ní ghlaoidhfidh mé choidhche" - Thionntuigh an sean-ghabha ag an athair "Mo bheannacht leat-sa agus mo mhallacht bhéidh ar do mhúintí." Thug sé an mac abhaile leis. Nuair a bhí siad a' siubhal i gcuideachta rinne an mac capall dhó fhéin. Dubhairt sé leis an athair nach mbeit sé i bhfad go dtagadh an sean-ghabha rumpa "bhéarfaid sé airgead ar bith" adeir sé á iarrfas tú, "acht nuair a dhiolfas tú an capall ná díol an srian.
    Tháinig sé rompú mar duine uasal, acht nuair a dhíol sé an capall níor dhíol sé an srian. Nuair a bhí sé a' tabhairt a' chapaill abhaile d'ith sé agus bhuali sé an sean-ghabha. Rith sé abhaile ón sean-ghabha ag an athair. Nuair a tháinig sé go dtí an t-athair dubhairt sé "Ní bheidh sé i bhfad go dtagaidh sé suas linn arís. Déanfaidh mé cú dhíom féin an torann seo. Nuair a dhíolfas tú an chú ná díol an gad atá ar a mhuinéal. Tháinig an sean-ghabha roimhe aríst. Cheannuigh sé an chú acht ní bhfuair sé an sreangán. Nuair a thug sé an chú leis bhí sí a' baint greamannaí as agus leig sé abhaile ag an athair é. Dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Patsaí Ó Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sanúlán, Co. Mhaigh Eo