School: Breac-chluain (B.) (roll number 13389)
- Location:
- Brackloon, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Casaide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-chluain (B.)
- XML Page 404
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Gheobhaidh (fuaim 'yowa') mé bás le grádh”
Padhraic Ó Ceannabháin, Figheadóir, An Cnoc, Gaillimh. Aois tuairim is 55.
Gheobhaidh (fuaim 'yowa') mé bás le grádh
Go leagfainn do shúil,
Gheobhaidh mé bás an lá nach bhfeicfidh mé thú
Nár fhás aon deagh-bhás.... aon fhear eile
Agus siúd é boc bán is nach áluinn
an marcach é a' tigheacht
Is go síleann na mná gur breágtha
Ná an ghealach ná an ghrian.
Níl gile, níl breághthachta
Níl áileacht dá raibh i bhfearaibh ariamh
Nach bhfuil páirteach in mo ghrádh dhó
Cén ádh orm bheith a' caitheamh 'na dhiaidh.
Déanfad teach mór má bhím beo
ar an gcnoc údan thiar
Mar a bhfeicfead mo stór
Gach neóin is gach maidin a tigheacht
A ghruadh mar na rósa is tú bhreoidh mé
Is a bhain díom mo chiall
Ach ní bhéad beo má phósann tú
Bean dubh ón tsliabh.
Is níor mhisde dom féin
Dhá mbeádh bliadhain ar fad ins an lá
Agus duilleabhar na gcraobh
bheith a síor...(continues on next page)- Informant
- Padhraic Ó Ceannabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 55
- Occupation
- Fíodóir
- Address
- An Cnoc, Co. Galway