Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)
- Suíomh:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Múinteoir: P. Ó Tóláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 229](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0124%2FCBES_0124_229.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 229
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc na Cille
- XML Leathanach 229
- XML “Comharthaí Aimsire”
- XML “Aiste Eile ar Chomharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tagann an gabhair treasna na sleibhte sul a thagann sneachta. Is docha nach bhfuil an fhírinne í leath acú seo acht ceapann na sean-daoine gur fíor gach rud a deireann síad.
Aiste eile ar "Comharthaí Aimsire" - Ag na sean daoine bhí alan cómharthaí aite aimsire. Bhí an t-éolas aca nuair a bhí aimsear bhréag ag teacht agus droch-aimsear. is uatha a bhailigheas na cómharthaí a leanas.
Na réaltóga go geal sin cómhartha seaca an sionnach ag tafaint is cinnte go mbéidh droch-aimsear againn. A lán faoileánn ag sgreadghail cialluigheann sé sin go bhfuil taoile lé teacht. Má bhíonn na fáinleóga ag eiteall go h-árd deirtear go mbéidh an soineann againn. Nuair a bhíonn an spideóg ag teacht isteach san dteach ceaptar go bhfuil sneachta ag teacht. Núair a thárluigheann sioc bhán déarfadh seanóir leat(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coollagagh, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Ruadháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coollagagh, Co. Mayo