Scoil: Páirc na Cille (uimhir rolla 13700)

Suíomh:
Boherhallagh, Co. Mayo
Múinteoir:
P. Ó Tóláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0124, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Páirc na Cille
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'San am fadó bhíodh na h-aontaighe í bpáirc mhóir ghlais amuigh fé'n dtúaith. Thagadh ceannuightheóirí ó na bhailtí móra chómh fada leis an bpairc agus bhíodh aonach ana mhaith acú. Uaireannta thagadh na ceannuightheóirí thart go dtí na tíghthí ag ceannacht stuic.
    Is breágh bheith ag éisteacht leis na fir ag deánamh margaidh. Bíonn gleó agus sgreadghail ar siubhal acú. Nuair a bhíonn an margadh déanta acú buailtear a dhá bhois lé cheile. Annsin cuirtear marc díolta ar an ainmhidhe. Saitheann cuid de na fir a mhaide san laithigh agus cuirtear marc díolta ar an mbeithidhigh leis. Núáir a bhíonn an bó díolta tugann an fear ceannuighthe a lúach do'n bhfear díolta. Tugann an díolta éirnist" arais do'n bhfear eile. Cúpla sgilling a tugtar mar "luck" nó "éirnist" de ghnáth. Igcuid de na bailtí móra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge