School: Sraith na mBannrach (roll number 3300)
- Location:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sraith na mBannrach
- XML Page 24
- XML “An Gorta Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinig an gorta i 1845. I dtosach na bliadhna chonnaic na daoine go raibh "dubh" ar na fataí. Na fataí a bhí ag coinneál furmhór na ndaoine beo agus mar sin má theip ar na fataí bhí cuile rud suas leo.
Nuair nach raibh aon fataí in Éirinn 1845, 1846, 184- bhí na daoine ag fághailt bás na sluaightibh.
Mheath na fataí na bliadhanta sin. Bhí an t-arbhar agus barraidheacha eile ar fheabhas. Acht béigean dó na feilmeoirí lag agus láidir é a dhíol chum an cíos a dhíoch agus ní raibh aon airgead in Eirinn agus d'imthigh a lán daoine as an tír i ríth na bliadhna sin. Báthadh a lán acha ag dul thár sáile dhoibh, mar ní raibh acha acht sean-bhádaibh. Rug chuid eile an galar anonn leo agus fuair siad bás i gCanada.
Ba mhaith le na Sasanigh na Gaedhil a bheith ag imtheacht as Éire, mar bhí fhíos acha go mbéad an talamh acha féin agus mar sín níor chuidigh siad le na Gaedhil in aon nidh.(continues on next page)- Collector
- Meadhbh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lagduff Beg, Co. Mayo