Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sraith na mBannrach
- XML Leathanach 96
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an uair is mó a phósann daoine ná san Inid.
Deirtear nach ceart aon phósadh a dhéanamh i rith na h-Aidhbhinte na Carghaoise agus ar feadh an dá-lá déag tar éis na Nodlag.
Tosuigheann an pósadh leis an gcleamhnas. Téigheann an fear atá le pósadh agus cara leis go dtí teac athar an chailín agus tugaid buidéal uisge beatha leo. Má castar cailín nó bean leo ar an mbealach fillfidh siad abhaile agus fágfaidh siad an socrú go h-oidhche eicínt eile.
Nuair a thagann siad ag an teach socruigheann siad an cleamhnas. Sé an cara agus athair an cailín a dhéanas an gab(?) agus an fear atá le pósadh ag éisteacht leo.
Nuair a bhíos an dá thaobh sásta maidir le spré pé’r bith airgead stoch nó carraidhe é, leagtar lá amach le h-aghaidh an pósadh agus téigheann an fear agus athair an chailín go dtí an sagart leis an bpósadh a shocrú. Sa tráthnóna tuairim is a sé a chlog is mó a bhíos an pósadh.
Bíonn bainis aca i dteach an chailín maidin an phósadh agus fíon agus leann agus uisge beatha aca. Ag dul ag an séipéal dóibh téigheann an fear ar chárr amháin agus an cailín ar chárr eile. Bíonn fear pósta sa gcarr leis an bhfear agus bean pósta sa gcárr leis an gcailín. Má casann cailín orra ar a mbóthar fillfidh siad ar an dteach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Cormaic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Aughness, Co. Mayo
- Bailitheoir
- Feidhlim Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Aughness, Co. Mayo
- Bailitheoir
- Máire Ní Liathnacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Seoladh
- Srahnamanragh, Co. Mayo
- Bailitheoir
- Mártan Ó Connmhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Srahnamanragh, Co. Mayo