School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 193
- XML “Leagan eile”
- XML “Leagan eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair Donnchadh bás roimh a bhean. Nuair a tháinig sí go geata na bFlaithis níor leigeadh isteach í. Dubhairt Donnchadh annsin "Mo leath istigh agus mo leath amuig srl."Leigeadh isteach annsin í acht baineadh an radharc dí mar nuair a bhí sí ar an saoghal seo bhíodh na focla –
"Nár fheicidh mé Dia"- ar barr a teanga aici - Fear as Iorrus do bheadh Donnchadh Mór agus bhí sé in a fhear naomhtha. In am na dlighthe peannaideacha a bhí sé ann agus tá go leor sgéalta innste faoi.Oidhche Nodlag a bhí ann agus chuaidh sé a chodladh sul a rachadh sé ar Aifreann Meadhon Oidhche agus sin an tam a rinn sé an dán. Bhí sé in a sgathamh maith sul ar dhuisigh sé agus thug sé milleán d'á bhean nuair nar dhuisigh sí níos moiche na sin é mar shíl sé go mbeadh sé mall ar an Aifreann. Chuaidh se leis go dtainig go ait a raibh sagart ag tosu Aifrinn agus bhí sluagh mór daoine ann. Nuair a bhí an t-Aifreann thart d'féach Donnchadh thart agus ní raibh le feiceál acht an sagart. Labhair an sagart leis(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Cléirigh
- Gender
- Female
- Informant
- Frank Cooney
- Gender
- Male
- Address
- Drumsleed, Co. Mayo