Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 193
- XML “Leagan eile”
- XML “Leagan eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuair Donnchadh bás roimh a bhean. Nuair a tháinig sí go geata na bFlaithis níor leigeadh isteach í. Dubhairt Donnchadh annsin "Mo leath istigh agus mo leath amuig srl."Leigeadh isteach annsin í acht baineadh an radharc dí mar nuair a bhí sí ar an saoghal seo bhíodh na focla –
"Nár fheicidh mé Dia"- ar barr a teanga aici - Fear as Iorrus do bheadh Donnchadh Mór agus bhí sé in a fhear naomhtha. In am na dlighthe peannaideacha a bhí sé ann agus tá go leor sgéalta innste faoi.Oidhche Nodlag a bhí ann agus chuaidh sé a chodladh sul a rachadh sé ar Aifreann Meadhon Oidhche agus sin an tam a rinn sé an dán. Bhí sé in a sgathamh maith sul ar dhuisigh sé agus thug sé milleán d'á bhean nuair nar dhuisigh sí níos moiche na sin é mar shíl sé go mbeadh sé mall ar an Aifreann. Chuaidh se leis go dtainig go ait a raibh sagart ag tosu Aifrinn agus bhí sluagh mór daoine ann. Nuair a bhí an t-Aifreann thart d'féach Donnchadh thart agus ní raibh le feiceál acht an sagart. Labhair an sagart leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cléirigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Frank Cooney
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo