School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 223
- XML “Oíche Shamhna”
- XML “Oíche Shamhna”
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Shamhna bíonn na fir ag tarraint gabáiste agus ag bualadh gach doras leis. Má labhruigheann sean-duine leo beidh siad pósta le sean duine agus má is duine óg bheidh siad pósta le duine óg.Bíonn na páisti óga ag imirt cleasanna le fo-chupáin agus ag tógáil uball agus airgead as an uisge.
- Collector
- Róise Ní Tachair
- Gender
- Female
- Oidhche Samhna bhí fear ag tarraint gabáiste agus bhí sé dorcha. Nuair a bhí sé dá dtarraint thainig fear chuige agus dubhairt sé leis dá dtabharfadh sé an gabáiste abhaile leis an cead fear a thiocfadh isteach ar maidin bheadh a ingean pósta dó. Do b’é an fear a tháinig isteach Pádhraic O Coumhucháin agus níor mhaith leis an fear é agus chaith sé an tlú in a dhiaidh. Rith sé amac as an teach agus níor phós sé an cailín. Do tharla sin i Dúbhloch, Iorrus.
- Collector
- Siubhán O Cailín
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás O Cailín
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Doona, Co. Mayo
- Oidhche Shamhna fadó chuireadh daoine uisge isteach i gloine. Bhriseadh siad ubh isteach ann agus chuireadh siad clúdach ar an gloine go maidin. Dá mbeadh long agus fear ann is le caiptín luinge a bheadh siad pósta. Muna mbeadh ann acht stíocai tríd an uisge ní(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Chonmhucháin
- Gender
- Female
- Address
- Fahy, Co. Mayo