School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Antoine Ó Donnchadha
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 133](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_133.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 133
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 133
- XML “Scéalta faoi na Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí buille roimhe sin ó rugadh í. Cé bhí ag dul thar doras in tighe acht mac an Rí. Chuala sé an caoineadh chuaidh sé isteach.
Níor mhaith leis an mnaoi an fhirínn a innseacht don Rí óg agus dubhairt sí go raibh an cailín marbh ag obair agus go raibh faitchíos uirthi go marbhóchadh sí í féin agus go raibh sí i ndiaidh bualadh maith a thabhairt dí.
Nuair a stop an cailín den chaoineadh chonnaic sé go raibh éadain áluinn uirthi. Dubhairt mac an Ríog go raibh grádh mor ag a mháthair féin de cailíní mar sin.
Táinig áthas mór ar an mhnaoi nuair a chuala sí na focla sin acht thuig sí uirthi nach raibh. Dúbhairt sí nach mbeith sí indon aon obair a dhéanfeadh nuair a bheith an cailín imtighthe.
Ach sa deireadh leig sí dí imtheacht leis. Léim sí anáirde mar eulóig ar an(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Giolla Bhrighde
- Gender
- Female
- Address
- Doire Choirb, Co. Mayo
- Informant
- Áine Bean Uí Ghiolla Bhrighde
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Doire Choirb, Co. Mayo