School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Antoine Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 52
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leigheasanna.Is minic a bíos agus a bhíodh pian agus galair ar dhaoinibh. Fadó is beag duine a rachadh chuig dochthúir ar chor ar bith nuair a bhíodh tinneas na galar air. Bhíodh na daoine indon leigheas a tabhairt do'n duine tinn.
Nuair a bhíodh doighe fhiachail ar dhuine chuireadh siad giota tobac isteach ins an bhfiachail nó uaireannta eile chuireadh siad luasgán lathaighe air. Uaireannta a chomh maith geibheadh siad an páipéar gorm a bhíos ar an siúcra faoi lathair agus deargughadh siad é acht gan é a lasadh agus an deatach a d'éirigheadh as sin a chur suas i sróin an duine a bhíodh an doighe air
Aon uair a bhíodh gearradh ar dhuine gheobhadh siad slánlus agus dhéanadh siad é chomh beag sin le na fiaclaibh gurbh fhéidir é a chur isteach ins an ngearradh, ní fada annsin go(continues on next page)- Collector
- Anna Bairéad
- Gender
- Female
- Address
- Doire na Maol, Co. Mayo
- Informant
- Donnchadh Ó Cearrbhalláin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Doire na Maol, Co. Mayo