School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ina chomhnuidhe i mBárr Altaig, tuairim cúig míle ó'n sgoil seo, tá ceathramha bliadhan ó shion. Sé an t-ainm abhí air na Séan Ó Móráín. Fear an-láidir abhí ann. Lá amháín bhí air a dhul go Béal-Átha-an-Fheadha le h-aghaidh mála mineadh. Chuaidh sé amach le ualach féir chuig na beithidhigh ar maidin. Nuair a tháinig sé isteach ghléas sé é fhéin agus chuaidh sé go Béal-Átha-an-Fheadha. Cheannuigh sé an mála mineadh agus d'iomchar sé abhaile é a ghuailne agus bhí sé sa mbaile arís in-am le féar a thabhairt do na beithidhigh i gcóir na h-oidhche. Ní bhíodh aon faitchios air san oidche. Thigeadh sé anuas go Sratih-an-tSeaghal tráthnóna le h-aghaidh mála coirce agus bhíodh sé a deich a chlog nuair a bhíodh sé sa mbaile arís treasna an bhogaigh. Bhíodh air a dhul amach le fear chuig na beithidhigh annsin. Fear an-mhór abí ann; bhí timcheall 6 troighthe ar aoirde.
- Collector
- Maighréad Ní Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Sraith an tSeagail, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Ó Máille
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male