School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port Urlainn
- XML Page 303
- XML “An Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Tighearna talmhan ar an áít seo fadó agus Ross Ford an t-ainm abhí air. Bhí báilleach aige darbh ainm Búrca. Mara mbéádh an chios ag na tionontaigh dó nuair a thiocfadh sé thart chuirfeadh sé amach as a gcuid tighthe iad. Bhí Seoirse Buirneach ina thighearna talmhan sa Ros Dubhach (?). Nuair nach mbíodh an chios ag a chuid tionóntaí dó chaitheadh siad obair a dhéanamh dó chomh maith leis an dualgas oibre abhí orra cheana fhéin. Bhíodh siad ag obair aige ó na seacht a chlog ar maidin go dtí na deich a chlog san oidhche (?) iad ina leath-throsgadh. Protastúnach abhí ann.Bhí fear eile darbh ainm Carter ina tighearna talmhan ar an gCorr an Buidhe. Nuair a buaileadh a chuid tionóntaidhthe chaithfeadh siad a leath de'n cruach choirce (?) a thabhairt dó. Bhí tionontaidhe aige i bPort a' Chluaidh a bhuail a chuid coirce ingan fhios dá cuid comharsainaibh san oidhche. Cháith sé an coirce(continues on next page)
- Collector
- Páistí eile
- Collector
- Tomás Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Port Durlainne, Co. Mayo