School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port Urlainn
- XML Page 200
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San Inid is mó a phósann daoine. Ní maith le h-aoinne pósadh a dhéanamh Dé Luain; Dé Domhnaigh agus Dé hAoine is mó a phósann siad. Baineann an sagart níos mó airgid amach as posadh nach mbíonn déanta roimh Domhnach na hInide. Nuair abhíonn siad ag dul ag pósadh téigheann fear go dtí teach na mná agus má bhíonn a h-athair agus a máthair sásta le h-í a thabhairt dó fagann siad oidhche amach leis an gcleamhnas a dhéanamh. Bíonn buidéal uisge beatha leis an t-é a iarrann an bhean agus ní h-é an fear atá le h-í a phósadh a iarrann í. An oidhche sin gheibheann an cailín an spré. Gheibheann sí airgead ná b’fhéidir beithidhigh. Ansin fágann siad lá amach le na bpósadh. Oidhche lae an phósta bíonn bainfheis aca agus féasta mór i dteach na mná. An oidhche sin a tigeann na cleamairí.(continues on next page)