Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mayo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do shíl sé go raibh síad imthighte chuaidh sé amach ach dfán fear aca i bhfolach, agus nuair a chuaidh sei (?) ann amach do mharbhuigh an fear é. Tá sé curtha san áit ar thuit sé agus tugtar Úaigh Daighdha Óg air, go dtí indhiú.
CÚL DUITHETá poll uisge thíos ag Cúl Duithe agus deirtear gur tháinig fear isteach ag Tráig-Mór, bhí sluagh daoine in a dhíaidh ag íarraidh an mhála óir a ghoid uaidh, do leanadar é go dtí sin acht chaith sé an mála óir síos san bpoll, agus tá an óir ann fós (?) acht tá easgain mór ag faire é, agus aon duine a mbeadh bríonglóid air trí oidhche in dhíaidh a céile go leighfeadh an t-easgan an t-óir a thabhairt leis. Tá séipéal i g-Cill Duaithe. Deirtear go rinneadh (?) é. Bhí na daoine ag teacht ón Fhóid Dhuibh go dtí an aifreann gach Domhnach. Do bhí an sagart in a chomhnaithe (?) ins an t-Srath.
OIDHCHE AN MHISTÉALAIGHTimcheall cúig céad bliadhain ó shoin bhí stoirm ann aon oidhche amhain. Oidhche an Mhistéalaigh a tugtar ar an oidhche sin, mar báthadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Moráin
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mayo