School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 559
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear in a chómhnuidhe i nDhubhloc agus ní raibh éinne in éinfheacht leis acht a bhean agus páiste beag.”
Bhí fear ina chómhnuidhe i nDhubloc agus ní raibh éinne in éinfheacht leis acht a bhean agus páiste beag. Ní raibh aca acht bothán beag. Éamonn Ó Máille an t-ainm a bhí air. Oidhche amháin bhi siad go léir in a gcodladh acht an fear. Bhí sé ag caitheamh a phíopa. Bhí an páiste taobh amuigh de'n leabaidh ins an gcliabhán agus ní raibh an doras acht leath-dhúnta. Tháinig triúr fear isteach. Bhí aithne ag an bhfear ar bheirt aca agus chuala sé iad ag radh go ngoidfheadh siad an páiste. D'éirigh an fear a bhí sa leabaidh agus dubhairt sé nach ngoidfeadh siad an páiste agus thóg sé an tlúth in a lámh agus chaith sé leis na bhfearaibh é. Nuair a chuala siad é sin chuaidh siad amach agus dubhairt siad leis an bhfear an doras a dhúnadh go maith gach oidhche. Chuala an fear a bhí sa leabaidh na fir ag radh go raibh páiste i dteach Pádraich Ó(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Tomás Ó Mórain
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo