School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 570
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leór pisreógraí ag baint leis an gcuinneóg.
1. Chuireann cuid de's na daoine smearóg faoi'n gcuinneóg agus deirtear nach féidir le aon duine an t-ím a ghoid uathu annsan.
2. Dá dtagadh fear isteach ag iarraidh sléaghain agus dá dtabha...? dhó é, agus tú ag déanadh maistreadh, tógfaidh sé an t-im ó'n dteach sin leis ar feadh na bliadhna.
3. Da dtaghadh fear isteach go dtí do theach ag iarraidh phíopa a lasadh agus tú ag déanamh an maistreadh, dá lasadh sé é, bhéadh ím an tighe aige ar feadh na bliadhna.
4. Bhí bean thuas in Dhubh-loch fadó dar b'ainm Máire Br...? agus bhíodh ím go leor aice. Na comhursain a bhí thart timcheall uirthi ní raibh ím ar bith acha. Tháinig an sagart isteach di lá amháin agus bhí an maistreadh déanta. Chuala an sagart roimhe sin faoi'n méid ime a bhí aici agus dubhairt sé léi an t-ím a theasbáint do. Theasbáin sí dhó é agus bhí ionghantas mór air. Thóg sé a stóil agus thosaigh sé ghá léigheamh agus níor bhfada go raibh an chuid is mó de'n ím ag siubhal ar an urlár acht amháin píosa beag. Thionntuigh sé an ?(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Maolalaidh
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Maolalaidh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo