School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 539
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Daoine Cáileamhla.Ins an tsean-aimsir bhí fear dar b'ainm Éamonn Bairéad i na chómhnuidhe i nDubh-Loch. Bhí sé go h-an mhaith ag cháitheamh meadhchain [< meadhchana]. San am céadhna tháinic long ó'n bhFrainnc go Béal-an-Mhuirthidh. An caiptín a bhí ar an luing bhí sé go h-an mhaith freisin ag chaitheamh meadhchana. Lá amháin dá raibh sé ag siubhal thart ar fúd an bhaile, tháinic sé go áit an mhargaidh. Bhí go leór meadhchan san áit, agus thosuigh sé 'ghá chaitheamh, agus dubhairt sé nach raibh fear i nÉirinn nach raibh sé indhan a bhualadh ag na meadhchain.
Bhí cáil mór ar Éamonn i ngach áit, agus ní thiubraidh síad le rádh do'n bFranncach nach raibh a shárú le fághail i n-Iorrus. Chuadhar go Dubh-Loch agus cé'n áit a raibh sé acht ag gearradh feamaine le corrán. D'innis siad an sgéal dó, agus bhí sé ag léimrigh le feirge. "Ná bac leis" ar seisean, "cuirfidh mise smacht air." Réidhtigh sé é féin agus d'imthigh sé go Béal-an-Mhuirthidh. Bhí an Franncach ag fánacht(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Mhaolalaidh
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Pádraic Ó Maolalaidh
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- An tSraith, Co. Mayo