School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
![The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 031](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_031.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 031
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 031
- XML “An Pósadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is maith le muinntir an tighe agus na bainfheise na Clamairí a fheiceál ag teacht agus síleann síad gur mí-fhiuntach an rud a bheith doicheallach rómpa. Má tá na buachaillí atá ins na clamairi múinte ní fhanfaidh síad i bhfad agus nuair a bhíonns síad deagh-iomchurtha ní bhíonn muinntir an tighe i ndiaidh cúpla uair a chluig a thabhairt dóibh.Pisreóga ag baint le Pósadh.Má tá dhá spúnóig ar do fhó-chupán gheobhaith tú cuireadh chun bainfheise.
Deirtear má tá brionglóid agat faoi dhuine eicínt a bheith ag fághail bháis gur comhartha (pósta) é. Go gcluinfidh tú go bhfuil duine dul a pósadh.
Fanann an bhean nuadh-phósta mí i dteach a céile agus ní cóir dí a dhul abhaile go ceann miosa.
Cuireann athair an fhir dhá sgilling isteach i gceirteóig agus cuireann sé an cheirteóg i bpóca an fhir.
Nuair a bhíonns fear agus bean ag dul a pósadh agus bean a chasadh ortha deirtear nach bhfuil aon ádh ortha.
Má chailleann an bhean nuadh-phósta a fáinne pósta deirtear gurab shin é an rud i mí-ádhamhala ar fad,
Ní'l sé ceart do deirbhshiúr an fhir a dhul isteach(continues on next page)- Collector
- Brighid Nic Thámhais
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo