Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 031
- XML “An Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is maith le muinntir an tighe agus na bainfheise na Clamairí a fheiceál ag teacht agus síleann síad gur mí-fhiuntach an rud a bheith doicheallach rómpa. Má tá na buachaillí atá ins na clamairi múinte ní fhanfaidh síad i bhfad agus nuair a bhíonns síad deagh-iomchurtha ní bhíonn muinntir an tighe i ndiaidh cúpla uair a chluig a thabhairt dóibh.Pisreóga ag baint le Pósadh.Má tá dhá spúnóig ar do fhó-chupán gheobhaith tú cuireadh chun bainfheise.
Deirtear má tá brionglóid agat faoi dhuine eicínt a bheith ag fághail bháis gur comhartha (pósta) é. Go gcluinfidh tú go bhfuil duine dul a pósadh.
Fanann an bhean nuadh-phósta mí i dteach a céile agus ní cóir dí a dhul abhaile go ceann miosa.
Cuireann athair an fhir dhá sgilling isteach i gceirteóig agus cuireann sé an cheirteóg i bpóca an fhir.
Nuair a bhíonns fear agus bean ag dul a pósadh agus bean a chasadh ortha deirtear nach bhfuil aon ádh ortha.
Má chailleann an bhean nuadh-phósta a fáinne pósta deirtear gurab shin é an rud i mí-ádhamhala ar fad,
Ní'l sé ceart do deirbhshiúr an fhir a dhul isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Thámhais
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo