School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
![The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 103](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_103.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 103
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 103
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)scoilteáin le cré ón sean-chlais. Ní dhéantar aon fheabhas ar an talamh ó bhliain go bliain mar ní shaoithruightear aon ithir úr. Nós amháin atá anso nach bhfuil in aon áit taobh taobh amuigh de Iorrus, basluigheann siad an connlach, an áithyridh, i.e Déanann siad iomairí de san nGeimhridh. Bíonn an talamh tirim ar theacht an Earraigh agus is féidir an síol a chur go luath. Ní dhéanann an fear a bhfuil céachta aige é seo ach beidh talamh tirim cré aige-san. Cuirtear an leas mála ar an aoileach nó ar an leas farraige súl a gcuirtear na scoilteáin. Má thagann earrach fliuch ní tairbhe ar bith do na gais é. In áiteacha eile i dtíramhlaidh ní scartar an leas mála go mbíodh na gais aníos agus iad dá lánú.
An Lánú : Rómhartar an marbh-lán ins na seochanna le spáid agus cuirtear idir na gais é le sluasaid ar an talamh cré, cuirtear grafa idir na drilleanna agus cuirtear suasd an cré i ndiaidh an ngas le céachta.
An Gort-ghlanadh: Tugtar aire maith do na gais an fhad is a bhíonn siad ag fás. Glantar go minic iad agus ní mór é a dhéanamh mar bíónn go leor salachar iontu i ngeall ar éadtromacht an talamh. Níl aon borradh sa talamh, ní fhásann an barra go haibéil,agus tugann sé seo faill don luibhearnach.(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir