School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
![The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 104](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_104.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 104
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 104
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)foir-spréachadh : Le scuab a foir -spréachtar na gais anseo. Níl gléas foir-spréachta ins an gceantar i ngeall ar chomh luath is a bhíonn na fataí níl call spréachta orthu. Má fhágann na gais na mí iúil beidh torradh maith orthu. Ní fhoir-spréachann cuid de na daoine am barr fata chor ar bith.
An baint: baintear i ndeireadh Fómhair iad le spáid. Cuirtear i bpoll iad, clúdaítear le scraitheachaí iad agus ansin le cré. Ins an earrach nuair a thosaíonn siad ag fás athruitear go minic iad, ní chuirtear orthu anois ach na scraitheacha ionnas go mbeidh siad so-athruithe agus ar deireadh leagtar cois claideacha iad agus na scraitheacha orthu.
Téarmaí:- Scoilteacháin (sets), Logáin" (an méid den fata a bhíonn fágtha i ndiaidh an scoilteán a bhaint as). Laoghán a thugtar ar an logán i dTír amhlaidh. "Fata Gágach" (fata a bhíonn scoilte sa gcraiceann~)
"Fata Carrach" (bíonn craiceann garbh air)
"Fata Cuasánach" (bíonn poll istigh ina lár) is annamh a bhíonn a leithéid anseo.
"Carraidh Fataí" (píos maith de iomaire agus fataí bainte air)
"Gearróg" (iomaire beag a bhíonn curtha ag gasúr)
Fata cúiseach anseo
pruiséal fataí - fata rósta amuigh san ngort luaithreachán - fataí a bheadh dá rósta san luaith(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir