Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I gceanntar na scoile ta tamall ó shoin do thárla rud greannmhar. Ní raibh ins na sean tighthe acht teine a fhadughadh cois balla agus an deatach a leigint amach tré poll sa díon. Bhíodh leabaidh cois balla thaobh amháin de'n teine. I n-áit an dorais bhíodh tuighe nó fraoch ann sa n-Geimreadh leis an bhfuacht a couinneál amach. Lá amháin bhí fear an tighe as baile agus nuaiur a thainig se abhaile chéard a chonnaic se istigh roimhe acht sionnach. Goiudeadh a raibh de chearca aige roimhe sin agus badh é a bharamhail gurab é an sionnach sina ghoid iad. Shíl se deireadh a chur leis an sionnach. Chuir sé a raibh de fraoch aige i n-áit an dorais agus sheas sé ag an doras ionnus nach mbéadh an sionnach ionnán a dhul amach. Bhí an sionnach ag machtnamh ar feadh tamaill bhig. Tharraing se amach an cuilt agus chuir se ar an teine é 's gearr go raibh sé 'na lasadh. Tharraing sé amach an pluid aguys chuir sé ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Mhaolalaidhe
- Inscne
- Baineann