School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
An Bheirt Dearbhrathár.
Bhí beirt dearbhrathár ann fadó agus bhí ceann aca an-bhocht. Bhí an ceann eile an-shaidhbhir agus bhí neart caoirigh, ba agus airgead aige. Ní raibh rud ar bith ag an dearbhrathár eile acht solus an lae agus greim bídh a gheibheadh sé ó na comhursanaibh. Ar deireadh bhí na comhursain tuirseach dó agus dubhairt siad uilig leis greim a fhágail in áit éigin eile. Céard a rinne an fear bocht annsin, acht imtheacht ins an oidhce agus caoirigh a ghoid ó’n dearbhrathár saidbhir. Mharbhuigh sé iad agus bhí neart feóla aige gach lá. Ní raibh fhios ag an dearbhrathár saidhbhir cé’n áit a bhí sé ag fághail na feóla.
Oidhce amháin bhí féasta i dteach an dearbhrathár saidhbhir agus ní raibh an dearbhratháir bocht ann. Céard a rinne an dearbhrathár saidhbhir acht an sean chailleach a bhí i dteach amháin leis a chur isteach i mbosca mór agus i a d’fhagaint i dteach an dearbhrathár saidhbhir lé súl go bhfuigheadh sí amach cé’n áit a raibh an fheóil ag teacht as. I lár na h-oídhce d’fhosgail an dearbhrathár bocht an bosca agus thug sé greim aráin don gcailleach agus céard a chuir sé ar an arán acht nimh. Ar an móiméad a d’ith sí í fuair sí bás.
Nuair a bhí an féasta thart agus na daoine uilig imthighthe abhaile chuaidh an dearbhrathár saidhbhir i gcoinne na chaillighe agus an bhosca. Shíl sé nach bhfaca an fear bocht í chorr ar bith agus go bhfuigheadh sé an(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Paidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tip, Co. Mayo