School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgéal uilig as. Acht nuair a d’fhosgail sé an bosca fuair sé í fuar marbh agus greim de’n arán fágtha le na taobh. Bhí brón mór air.
Annsin chuaid sé go dthí an mbaile mór agus cheannaigh sé cónra maith dí agus tar-éis lá agus oidhce aici sa teach thug sé go dtí an roilig í agus is annsin do chuireadh í. Nuair a tháinig sé abaile d’fhág sé bairrle mor taobh amuigh don doras agus líon sé lé h-uisge é. Annsin chuaidh sé a chodhladh mar bhí tuirse mhó[r] air. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an dearbhrathár boch[t] go dtí an roilig. Thóg sé anuas an conrá agus d’fhosgai[l] sé é. Annsin thóg sé amach an cailleach agus chuir sé ar a druim í. Nuair a tháinigh sé go dthí teach an dearbhrathár saidhbhir fuair sé an fear saidhbhir ina chodhladh agus céard a rinne an fear bocht acht an chailleach a chuir ina seasamh ins an bairrle.
Nuair a dhúisigh an dearbhrathár saidbhir ar maidin ghléas sé é féin agus d’imthigh sé amach. Ní fhac[a] sé an cailleach go dtí go raibh sé ag teacht isteach agus nuair a chonnaic sé í is beag nár thuit sé. Rith sé go dt[í] teach an fhir bhoicht agus dubhairt sé leis go n’éirigh an cailleach as an roilig agus teacht leis a lámh a thabhair[t] do chun i a chur ar ais san roilig. Rinne sé mar a dubhradh leis. Nuair a tháinig an oidhche airís agus nuai[r] a fuair sé an fear saidhbhir ina chodhladh d’imir sé a[n] cleas céadhna air. Bhí an dearbhrathar saidhbir sgannruigh[e] agus chuaidh sé go dtí an sagart agus thug sé deich(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Paidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tip, Co. Mayo