School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 396

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 396
  3. XML “An Scéal - An Fear agus A Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-shaidbhir. Lá amháin dubhairt sé lé n-a mhnaoi go mbeadh síad an-shaidhbhir ar fad muna n-iosfadh sí rud ar bith. Bhí go maith, dubhairt sise nach n-íosfadh sí rud ar bith agus go mbeadh siad saidhbhir i gceann tamaill bhig. Ar maidin lá ar na bhárach d'éirigh sí go moch agus réidhtígh sí a breicfeasta dá fear. D'ith sé bhricfeast agus nuair a bhí sé ithte aige d'imhthigh sé amach ag obair.
    Nuair a fuair a bhean imthighthe é réidtígh sí breicfeasta mhait di féin agus d'ith sí a dóthain. Rinne sí an cleas céadna ar fead thrí lá. I rith na trí lá so bhí an fear go sásta nuair nach raibh a bhean ag ithe tada. "Boil" ar seisean lá amháin lé na mnaoi. Ar tháinigh ocras ar bith ort" "Nior tháinigh ar sise agus ná ith rud ar bith amáireach tusa (?) agus béadh míd saidhbhir i gceann mí. Ar maidin lá ar na bhárach d'éirigh an bheirt go moch agus níor ith aoinne aca tada. Chuaidh an fear amach ag obair agu annsin d'ith a bhean a breicfeasta. Rinne sé an cleas céádna an dara agus an tríomhadh lá agus an ceathramhadh lá ní raibh an fear in-ann eirighe chor ar bith. An cúigeadh lá bhí an fear sa dé deiridh agus chuir a bhean teachtaire le h-aghaidh an tasagairt. Tháinig an sagart agus ní raibh an fear in-ann a fhaoistin a dhéanamh. D'fhiafruigh an sagart do cé'n duine a (?) raibh sé ag fágáil a shaidhbhreas aige. Ní raibh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1458: The Girl who Ate so Little
    Language
    Irish
    Informant
    Riobárd Ó Néileán
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tip, Co. Mayo