School: Cnoc a Logha

Location:
Troiste, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Maoildeirg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc a Logha
  2. XML Page 016
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do marbuigheadh saighdiúiri Maedbh uilig acht triuir aca agus d'imthigh an triuir leobtha sios go Inbhear. Chuir fear eicínt treasna na hAibhne iad ar bád beag iomramha. Annsin d'imthigh Maedbh arís go Ráth Cruachain, an áit a bhí a caisleán.
    Tá Morgán cuirte ar bhárr cnuic Ráth Mhorgáin agus tá carnán cloc le feicheál ar bharr an cnuic. Sin é an fáth ar tugadh Ráth Mhorgáin ar an áit.
    Do phós Domnall Dual Bhuidhe bean eile darbh ainm Muinghtheana. Bhí comact iongantac ag Dómhnall agus bhí an buaidh aige i gcomhnuidhe 'chuile áit a mbeadh sé a troid. Bhí bean draoi in Innis Sgéith agus is uaithi a bhfuair sé an comhacht. Thug sí dual da a cuid gruaige dhó agus bhí sé ceangailte thart ar a chuim aige.
    Bhí fatach eile in a chomhnuidhe in Inbhir agus bhí sé a teacht le troid a chur ar Dhomhnall. Bhí fhios aige nac mbeadh sé indon an buaidh a fhághail air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlin Nic Suibhne
    Gender
    Female
    Address
    Gaoth Sáile, Co. Mayo
    Informant
    Padraig Mac Suibhne
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Gaoth Sáile, Co. Mayo