School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbéadh gaoth ann.Dá mbéád na h-éanlaithe ag eitilt go h-íseal go mbéad aimsear olc le teacht. Dá mbéad na faoilinn ag screadarnach agus alan acu le chéíle go mbéad gaoth le teacht, comhartha eile - nuair a bhíonns gaoth le teacht bíonn an cat ag sgríobhadh adhmaid. Nuair a bhíonns an cat ag cur a chos os comhair a chluais bíonn fearthainn air. Nuair a bhíonns na préacháin agus na faoilinn ag teacht isteach ó'n bhfairrge bíónn aimsear maith le teacht.Comartha eile i gcóír stoirm 'seadh an céó ag imteacht le gaoth. Nuair a bhíonns ceó ar na h-aibneacha agus ar na locaí san tráthnóna deirtear go mbéad aimsear maith le teacht. Deirtear freisin go mbíonn fearthainn ag teacht nuair a bhíonn an simne ag puffáil.Nuair a bhíonns fáinne mór thart ar an ngeallach, agus nuair a bhíonns sé ag rith san spéir, tá fearthainn air. Nuair a bhíonns alan sgamaill san spéir, agus iad go han dubh, sin comhartha maith d'fhearthainne. Nuair a bhíonns an ghaoith an-fuair, agus nuair a bhíonns feadghaile leis, bíonn feartainn air. Bhíonn fuacht ana-mhór leis an gaoith adtuaidh thart annseo, agus ins an ngeimhreadh bíonn(continues on next page)