Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbéadh gaoth ann.Dá mbéád na h-éanlaithe ag eitilt go h-íseal go mbéad aimsear olc le teacht. Dá mbéad na faoilinn ag screadarnach agus alan acu le chéíle go mbéad gaoth le teacht, comhartha eile - nuair a bhíonns gaoth le teacht bíonn an cat ag sgríobhadh adhmaid. Nuair a bhíonns an cat ag cur a chos os comhair a chluais bíonn fearthainn air. Nuair a bhíonns na préacháin agus na faoilinn ag teacht isteach ó'n bhfairrge bíónn aimsear maith le teacht.Comartha eile i gcóír stoirm 'seadh an céó ag imteacht le gaoth. Nuair a bhíonns ceó ar na h-aibneacha agus ar na locaí san tráthnóna deirtear go mbéad aimsear maith le teacht. Deirtear freisin go mbíonn fearthainn ag teacht nuair a bhíonn an simne ag puffáil.Nuair a bhíonns fáinne mór thart ar an ngeallach, agus nuair a bhíonns sé ag rith san spéir, tá fearthainn air. Nuair a bhíonns alan sgamaill san spéir, agus iad go han dubh, sin comhartha maith d'fhearthainne. Nuair a bhíonns an ghaoith an-fuair, agus nuair a bhíonns feadghaile leis, bíonn feartainn air. Bhíonn fuacht ana-mhór leis an gaoith adtuaidh thart annseo, agus ins an ngeimhreadh bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)