Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 56](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0139%2FCBES_0139_56.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 56
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sneachtadh againn beagnach i gcómhnaidhe leis an ghaoith adthuaidh bíonn alan reálta ins an spéir nuair a bhíonns leac-oidre ann.Nuair a bhíonns an deatach ag dul suas an simne go díreach bíonn aimsear maith air. Nuair a bhíonns na cuilleóga agus na beacha ag eitilt thart ins an speír, sin comhartha maith fearthaine.Má bhíonn an ghealach beag agus go tanaidhe béidh droch-aimsear againn. Má bhíonn na reálta ag spreacharnach go geall, bíonn aimsear breágh tirm le teacht, agus má bhíonn sgamaill sa taobh ó thuaidh ar maidin, bíonn sioc air. Má bhíonn na beacha ag crónán, deirtear go mbéadh teas mór ó'n ngréin.Má thaithneamhann an ghrian go moch ar maidin, béidh sé ag cur fearthainne sul a mbead an lá thart. Nuair a bhíonns ceo thart ar an ngealach, tá droch-aimsear air. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir sin comhartha maith fearthaine. Nuair a bhíonn ceo bán ar na cnocaibh ar maidín sin comhartha fearthaine.Nuair a bhíonns lásaibh gorm ins an teinesin comhartha i gcomhair báisteach. Nuair a bhíonns an ghaoith ag cur an deatach síos an simne, tá droch-aimsear le teacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)