School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 529
- XML “Bean Shoiligh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- [?] fear críonna a tháinig ar an domhain riamh acht bhuail Soiligh mac Dáithti an Rí amach iad uilig go léir Dá chríonnacht is a bhí sé niórbh taise é dh'á bhean [?] sí amach a fear.
Bhí dhá sleagh déug ar aghaidh a caisleáin amach aige agus duine ar bith ar a gcuirfeadh sé ceist agus nach mbeadh ar a chumas freagra feileamhnach a thabhairt dhó, baineadh sé an cloigean dhe agus chuireadh sé in áirde ar ceann de na sleaghanna é. Ar chuma ar bith bhí aon cloigean déug shuas aige agus chuir sé fios ar buachaill óg a bhí ag fáire much dhó. Chuir sé ceist air faoi grian gheal an t-Samhraidh. [?] air é a fhreagairt gceart agus socruigheadh a cloigean a chur in áirde Amach sa tráthnóna curadh cailín óg ar an stócach bocht. D'innis sé díthe céard ba t-sochair le na chuid bhriseadh chroidhe. "Bheul" ar sise "Abair leis "[?] tú an ghrian in a suidheamh tá an mháthair marbh." Rinne an buachaill amhlaidh agus d'feafruigh Soiligh dhe cé chur ar an bhealach ceart é Thug an stócach a hainm do'n Rí agus dubhairt an Rí go gcaithfeadh sé an cailín sin a fhágail mar bean céile. Tháinig sise go bpósfadh sí é ach trí hathchiunghe a fhághail uaidh. Thug sé mion go bfaghadh sí na trí hathcuinghe uair ar bith a [?] sí. Bhí go maith(continues on next page)- Collector
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Address
- Foghill, Co. Mayo