School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 549
- XML “Ainmneacha Áite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Suidhe FionnAinm Ráth atá ar Chnoch Leacha Liatha. Tá poll faoi thalamh ann agus chuaidh beirt de Muintear Búrchaigh as Gort an Tuair síos ann cúpla blian ó shoin. Fuair siad cnámha chapaill shíos ann ach b'éigin do teacht aníos mar chuir an ghaoth an solas as. Deirtear gur cuireadh taosach darbh ainm dó Fionn annsin le na chapall agus a chú.
LIOS BHRAINTimcheall dhá mhíle ó Suidhe Fionn, agus in aice bágh Bun an Tracair. Fuair an áit a h-ainm ó "Bran" Chú Fhinn. Tá ráth ann.
CNOCH SCEOLÁNNíos fuidhe siar ins na sliabhtha. Fuair an áit a h-ainm ó "Sceolán" Cú Fhinn.
RATH AIBÍSGÍNTaobh shiar de Baile an Chaisil. Deirtear go bhfuair sé a h-ainm duine de na Fiannaibh.
CLOCH an EOLAISAr bhárr Cnuich Ceatramha (?) Sheáin taobh shoir de Bhaile an Caisil - cloch cearnógach nach bhfuil ro-árd í seo agus ar a bfuil ceithre coirnéil. Ceann O Thuaidh, Ceann Ó Dheas, Ceann Siar agus Ceann Shoir. Cuireadh ann í fado le daoine a threorú ar a mbealach treasna na sleíbhte
GORT an TUAIR nó GORT an IUBHAIRTimceall dhá mhíle taobh soir theas de Baile an Caisil.
Deireann na sean daoine nach dócha gur Tuar nó (?) talamh le éadaigh a sgarmhaint uirri le linn(continues on next page)- Collector
- Máirín Bean an Bhurcaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Míceál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo