School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tar éis dul i laige dá bharr.
“Ní dhéanfaidh tú aon chaisleán eile” arsa an Rí
“Dé chúis a ndeireann tú é sin”? arsa an Gobán
“Taidhbhreamh a rinne mé”, arsa an Rí.
Lá ar ná bhárach, bhí an rí agus an Gobán ag siubhal mór thimpeall an chaisleáin á thabhairt fé ndeara.
“Feuch”, arsa an Righ. Tá cúpla cloch ar an suimné sin agus nílid socruighthe go ceart agat.
“Ní fheicím iad” arsa an Gobán.
Peca chíonn tú iad nó ná chíonn tá an ceart agam arsa an Righ. Faigh dréimire agus teighir suas agus socraigh iad.
Dhein an Gobán amhla’(idh). Nuair a bhí sé shuas rug an righ ar an dréimire agus thug sé chun siubhail leis é
“Fain-se annsan anois” arsa sé leis an nGobán ní bheidh aon caisleán eile sa tír seo chomh maith lem’ caisleán-se.
Bhí an Gobán dhá lá ar bharr an chaisleáin agus an fear bocht ag faghailt bhais leis an ocras
An dara lá cé gheobhadh an bóthar acht amadán a bhí san áit
“Cad athá tú ag deanamh annsan”? arsa sé leis an nGobán
D’innis an Gobán dó mar a bhí. Agus , “Ce thóg an caisleán” arsa an amadán?
“Mé féin”, arsa an Gobán
“Beul”, arsa an amadán, is ait an duine thú, ná fuil sé níos fusa seacht gclocha a chaitheamh annús ná ceann amháin a chuir suas.(continues on next page)- Informant
- Eamonn hÍceadha
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Grange, Co. Waterford