School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 055

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 055
  3. XML “Naomh Pádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mhuchadh an solus sin gheobhadh sé bás. Bhí muinntir na h-aite go léir fé'n a chos aige. Sé an ainm a bhí ag na daoine air ná an t-Sicín. Bheul an lá seo bhuail buachaill aimsire le Naomh Pádruig agus bhíodar ag cainnt. Dubhairt an buachaill le Naomh Pádruig gur mhaith leis an creideamh a ghlacadh agus bheith in aonfeacht leis acht go raibh eagla air go bhfaigheadh sé bás - sin go gcuirfeadh an t-Sicín chun báis é. 'Ná bac san' arsa Naomh Pádruig múchfadh-sa an solus ar sin. 'Ní maith liom san a fheiscint' arsa an buachaill aimsire bheadh eagla orm. 'Nuair a thiocfadh an t-am' arsa Pádrauig is féidir leat do shuile a dhúnadh. Nuair a tháinig an t-am do lasadh an solus dubhairt Naomh Pádruig leis an mbuachaill a shúile a dhúnadh annsan. Thóg sé leabhar amach agus thosnuigh ag léigheamh do mhúch an solus. Do lasadh an solus an dara uair agus do mhúch Naomh Pádruuig é Do lasadh an tillomhodh uair é agus do mhúch Naomh Pádruig aríst é agus ní bhfaighfaidhe é lasadh níos mó.
    "Cá mbeidh tú id shuan anocht, arsa an buachaill le Naomh Pádruig "Níl aon áit agam chun luighe" arsa Pádruig. Tair abhaile liom-sa arsa an buachaill agus tabharfaidh mo mhaighistir cead luighe dhuit". Chuadar, chuir an maighistir fáilte rómpa, fuaireadar suipéir breagh. Nuair a bhí an suipear ithte dubhairt an maighistir ná raibh aon slighe codalta aige do N. Pádruig. "Gheobhaidh sé teacht in aonfeacht liom-sa" arsa an buachaill agus chuaidh. Nuair a d'eirigh an garsún ar maidin dubhairt sé le Naomh Pádruig fuineach in a luighe agus dhein.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ó Loinnsigh
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    c. 65
    Address
    Curragh, Co. Waterford