School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
![The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 200](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0646%2FCBES_0646_200.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 200
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rialtas - 'Sé sin Rialts Shasana mar ní raibh Éire saor an uair sin. Tosmuigheadh ar an obair sa mbliain 1878 agus bhí an scoil réidh i mbliadhain ár dTighearna 1879.
Múinteóir darbh ainm dó Toirdhealaigh Ó Ceallaigh an chéad múinteoir a bhí ag múineadh i Scoil na mBuachaillí agus bean Prionnsias Tóibín a tháinigh mar múinteoir an chéad lá go Scoil na gCailíní. Níor d'fhan Ó Ceallaigh san áit ach cúpla bliain ach do mhúin Bean Prionnsias annso go lá a báis sa bliain 1920, agus tá sí fén fhód naomha san reilig annso fiche slata ón scoil.
Tháinigh Pádraig Ó Céitinn go Cillbrian sa blian 1882 agus caith sé deich bliain i Scoil na mBuachaillí. Fear gnótha dobh eadh Pádraig agus d-imir sé páirt gníomhach chun an t-uachtarlann do chur i mbun i Scairt. Do h-árdaíodh é sa mbliain 1893 agus chuaidh sé go Tobar an Fhiona. D'éirigh sé as an bpost san scoil sin roinnt bliain ó shoin agus anois tá sé lonnuighthe i mBaile Átha Cliath.
Proinnsias Toibín a bhí 'na Mhaightir ó 1893 go dtí 1933.(continues on next page)- Collector
- Tomás de Bhál
- Gender
- Male
- Occupation
- Príomhoide