Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rialtas - 'Sé sin Rialts Shasana mar ní raibh Éire saor an uair sin. Tosmuigheadh ar an obair sa mbliain 1878 agus bhí an scoil réidh i mbliadhain ár dTighearna 1879.
Múinteóir darbh ainm dó Toirdhealaigh Ó Ceallaigh an chéad múinteoir a bhí ag múineadh i Scoil na mBuachaillí agus bean Prionnsias Tóibín a tháinigh mar múinteoir an chéad lá go Scoil na gCailíní. Níor d'fhan Ó Ceallaigh san áit ach cúpla bliain ach do mhúin Bean Prionnsias annso go lá a báis sa bliain 1920, agus tá sí fén fhód naomha san reilig annso fiche slata ón scoil.
Tháinigh Pádraig Ó Céitinn go Cillbrian sa blian 1882 agus caith sé deich bliain i Scoil na mBuachaillí. Fear gnótha dobh eadh Pádraig agus d-imir sé páirt gníomhach chun an t-uachtarlann do chur i mbun i Scairt. Do h-árdaíodh é sa mbliain 1893 agus chuaidh sé go Tobar an Fhiona. D'éirigh sé as an bpost san scoil sin roinnt bliain ó shoin agus anois tá sé lonnuighthe i mBaile Átha Cliath.
Proinnsias Toibín a bhí 'na Mhaightir ó 1893 go dtí 1933.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás de Bhál
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)