School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní mór dom a rá cá an áit ina bhfuil Cnoc Buidhe. Do dheineadh cur síos ar sin ins an ceacht a bhí againn cúpla lá ó shoin i dtaobh Séamua Ó Fathaigh.
Bhí an Fiabhras Dubh go dona i gCnoc Buidhe timcheall 130 bliain ó shoin. Bhí na céadta ag fághail bháis i gCnoc Buidhe leis an Fiabhras Dubh an uair sin. Bhí na daoine ag paidireóreacht agus ag paidireóreacht ach bhí sé gan mhaith. D'éirigh sé níos measa ó lá go lá.
Bhí sagart ó Chnoc Buidhe i gCeapach na bhFaoiteach i gCondae Tiobraid Árainn. Nuair do chuala sé an trioblóid a bhí ar a mhuinntir féin i gCnoc Buidhe bhí a croí briste beagnach.
Bhí sé ar leaba a bháis ach ní leis an bFiabhras Dubh bhí sé ag fáil báis go nádúrtha mar bhí an-aosta.
D'fhiafruigh sé dá cháirde é do thabhairt abhaile agus go ndíbhreochadh sé an Fiabhras Dubh as an áit.
Nuair fuair sé bás agus nuair a bhí a cháirde ag cur an chorp ina h-uaigh dheineadar dearmadh agus cuireadar in uaigh eile a bhí le duine éigint(continues on next page)- Collector
- Pádraig Tóibín
- Gender
- Male
- Age
- Over 13
- Address
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Informant
- Mícheál Barún
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Knockboy, Co. Waterford