Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní mór dom a rá cá an áit ina bhfuil Cnoc Buidhe. Do dheineadh cur síos ar sin ins an ceacht a bhí againn cúpla lá ó shoin i dtaobh Séamua Ó Fathaigh.
Bhí an Fiabhras Dubh go dona i gCnoc Buidhe timcheall 130 bliain ó shoin. Bhí na céadta ag fághail bháis i gCnoc Buidhe leis an Fiabhras Dubh an uair sin. Bhí na daoine ag paidireóreacht agus ag paidireóreacht ach bhí sé gan mhaith. D'éirigh sé níos measa ó lá go lá.
Bhí sagart ó Chnoc Buidhe i gCeapach na bhFaoiteach i gCondae Tiobraid Árainn. Nuair do chuala sé an trioblóid a bhí ar a mhuinntir féin i gCnoc Buidhe bhí a croí briste beagnach.
Bhí sé ar leaba a bháis ach ní leis an bFiabhras Dubh bhí sé ag fáil báis go nádúrtha mar bhí an-aosta.
D'fhiafruigh sé dá cháirde é do thabhairt abhaile agus go ndíbhreochadh sé an Fiabhras Dubh as an áit.
Nuair fuair sé bás agus nuair a bhí a cháirde ag cur an chorp ina h-uaigh dheineadar dearmadh agus cuireadar in uaigh eile a bhí le duine éigint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Tóibín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 13
- Seoladh
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Mícheál Barún
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cnoc Buí, Co. Phort Láirge