School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá Baile Fearann ar a dtigtar Both a' Dúin ar an dtaobh theas de'n scoil seo. Tá sé trí mhíle ón scoil. Cialluiheann an focal Bothadúin - an bothán (nó tigh beag) atá in aice an dún.
Tá aithne agam ar a lán daoine i mBothadúin : Tomás Connail, Pádraigh Ó Dughbháil, Seán Ó Crotaigh agus Domhnall Dúnúrthaig. Níl aoinne ann darbh ainm Conarighigh anois ach bhí na Conairighigh ann 150 blian ó shoin.
Bhí feirm ag na Conairighigh. Bhí beirt driothár aca ann, Seán agus Séamus. Níl aon tigh ann anois cé go raibh fothrach an tighe ann cúpla bliain ó shoin.
Dob'éigean dos na Conairighigh daor-chíos a thabhairt do'n tiarna talmhan ach, níos measa ná sin, theastaigh ón tiarna talamh an fheirm do bhaint díobh ar fad. ach ní raibh na Conairighigh sásta an feirm a thabhairt suas.
Cuireadh na póilíní go dtí an tigh ach níorbh fuirist é sin do dhéanamh,(continues on next page)- Collector
- Seán de Paor
- Gender
- Male
- Age
- Over 12
- Address
- Glennaneane, Co. Waterford
- Informant
- Domhnall Ó Dúnúrtaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Bohadoon South, Co. Waterford