Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Baile Fearann ar a dtigtar Both a' Dúin ar an dtaobh theas de'n scoil seo. Tá sé trí mhíle ón scoil. Cialluiheann an focal Bothadúin - an bothán (nó tigh beag) atá in aice an dún.
Tá aithne agam ar a lán daoine i mBothadúin : Tomás Connail, Pádraigh Ó Dughbháil, Seán Ó Crotaigh agus Domhnall Dúnúrthaig. Níl aoinne ann darbh ainm Conarighigh anois ach bhí na Conairighigh ann 150 blian ó shoin.
Bhí feirm ag na Conairighigh. Bhí beirt driothár aca ann, Seán agus Séamus. Níl aon tigh ann anois cé go raibh fothrach an tighe ann cúpla bliain ó shoin.
Dob'éigean dos na Conairighigh daor-chíos a thabhairt do'n tiarna talmhan ach, níos measa ná sin, theastaigh ón tiarna talamh an fheirm do bhaint díobh ar fad. ach ní raibh na Conairighigh sásta an feirm a thabhairt suas.
Cuireadh na póilíní go dtí an tigh ach níorbh fuirist é sin do dhéanamh,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Paor
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 12
- Seoladh
- Gleann na nÉan, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dúnúrtaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Both an Dúin Theas, Co. Phort Láirge