School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Page 274
- XML “Caoineadh Mháire Ní Dongáin ó Chaisleáin an tSléibhe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)feirmeora a bhí ar taobh an bhóthair agus d'iarr sí bheith istigh agus fuair; ach dúradar go rabhadar ag dul go dtí tórramh 'gabann' a bhí san áit. Dúirt sí leo go raghadh sí in aonacht leo. D'imíodar leo agus isteach san tigh mar a raibh an fear á tórramh. Comh luath agus d'fhéach Máire ar aghaidh an duine marbh a d'ól an bhean píopa agus bhí sí ag magadh agus ag déanamh spóirt do 'na raibh ann. Níor thaithnigh san le Máire agus seo mar a dúirt sí :-
"A mhic, a ghabha, ó Bun Abha Brighde
Nach fada ó bhaile thingheas id caoine
Tú ag bualadh ar úird ar thaobh na gaoithe
Agus clann gan chineál ag fritheal bidh duit
Ó chuirt Philib a thángas de'n stóir seo
Tré móinte fliucha agus curraithe báidthe
Siúd fé ndeara dhim bacach a mhála
Éirigh, a bhean a tighe agus chuir romham fáilte
Mar is id fhocair a chuifead an tuirse go lá dhíom
A bhean ud thall leis an ciársúr síoda.(continues on next page)- Collector
- Brighidh Barún
- Gender
- Female
- Address
- Knockboy, Co. Waterford
- Informant
- Labhrás Ó Cadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford