Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Leathanach 274
- XML “Caoineadh Mháire Ní Dongáin ó Chaisleáin an tSléibhe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)feirmeora a bhí ar taobh an bhóthair agus d'iarr sí bheith istigh agus fuair; ach dúradar go rabhadar ag dul go dtí tórramh 'gabann' a bhí san áit. Dúirt sí leo go raghadh sí in aonacht leo. D'imíodar leo agus isteach san tigh mar a raibh an fear á tórramh. Comh luath agus d'fhéach Máire ar aghaidh an duine marbh a d'ól an bhean píopa agus bhí sí ag magadh agus ag déanamh spóirt do 'na raibh ann. Níor thaithnigh san le Máire agus seo mar a dúirt sí :-
"A mhic, a ghabha, ó Bun Abha Brighde
Nach fada ó bhaile thingheas id caoine
Tú ag bualadh ar úird ar thaobh na gaoithe
Agus clann gan chineál ag fritheal bidh duit
Ó chuirt Philib a thángas de'n stóir seo
Tré móinte fliucha agus curraithe báidthe
Siúd fé ndeara dhim bacach a mhála
Éirigh, a bhean a tighe agus chuir romham fáilte
Mar is id fhocair a chuifead an tuirse go lá dhíom
A bhean ud thall leis an ciársúr síoda.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Barún
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnoc Buí, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge