School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir sé scéala go dtí Risteárd teacht chuige agus go dtabharfadh sé a phardún dó go poiblí, do réir reachta na tíre. Ní raibh mórán muinighne ag Risteárd as agus chuir sé freagra chuige á rá go raghadh sé go cearnóg Dúngarbháin chun teangbháil leis agus trí fichid fear ar mhuin chapaill ag a tionlachan. Bhí eagla an fhill air, an rud be cleachta le h-uaisle na h-aimsire sin. Chuir Usher an dara scéala chuige teacht. Ansan do chuir sé é féin i gcóir chun bóthair, é féin agus a comhluadar. Dúirt na sean-daoine, arbh chuimhin leatha é, go raibh sé cosúil le taoiseach lena comhlucht fá thriallamh ag gluaiseacht chun catha. Timpeall lár an lae shroiseadar Cearnóg Dúngarbháin. Bhí Usher ann rompa lena pheiribhic agus a chuid meamram. Do léig an phardún agus do saoradh an Cadhlach agus da dheasga sin tá an Sean-Ramhrann Catha againne ins na Déise :-
"Tá céad fear ó Mhaothail in airm 's in éide
Ag teacht le h-éirí na gréine go h-árd Bharra Chroí(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Fhearachair
- Gender
- Female
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford
- Informant
- Labhrás Ó Cadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford