School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)
- Location:
- Kilbryan Lower, Co. Waterford
- Teacher: Tomás de Bhál
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Page 296
- XML “Scéilín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéilín
“Cailleadh duine bocht aosta, caithte fadó riamh, agus d'imigh a anam go dtí geata na bflatheas i láthair ár Slánnighthóra, céad moladh go deó leis.”
Cailleadh duine bocht aosta, caithte fadó riamh, agus d'imigh a anam go dtí geata na bflatheas i láthair ár Slánnighthóra, céad moladh go deó leis. Dúirt ár dTiarna le h-anam an pheacaigh :-
"Ní h-olc tú agus ní ó-mhaith tú, mar má d'inis deagh gníomh ar feadh do shaol dheinis an-chuid droch ghníomh leis. Dá bhrí sin tabharfadh aoibhneas na bhFlaitheas duit ar dtúis - blian ann agus naghaidh gach braon uisce dá bhfuil thíos agus cuirfeadh go h-Ifrinn ansan tú.
Do chrom an t-anam bocht ag gol agus dúirt nár leor so d'aoibhneas na bhFlaitheas leis sin adúirt ár Slánathóir leis an anam.
"Tabharfad aoibhneas na bhFlaitheas duit -blian ann in aghaidh gach gráinne garnimhe dá bfuil dá bhfuil ar an dtalamh thíos agus cuirfeadh go h-Ifreann na bpian thú.
"Faire" arsa an t-anam arís. "Ní leor san d'aoibhneas na bhFlaitheas".(continues on next page)- Collector
- Máire de Bhál
- Gender
- Female
- Address
- Ballynakill, Co. Waterford
- Informant
- Labhrás Ó Cadhla
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamult, Co. Waterford